Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Ríthe 7:6 - An Bíobla Naofa 1981

Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n‑aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír thug an TIGHEARNA ar shlúagh na Sírianach torann mór carbad, agus torann marcshlúagh do chluinsean, eadhon torann slóigh mhóir: agus a dubhradar gach áon ré chéile, Féuch, dfostóigh rígh Israel ríghthe na Hititeach ar naghaidh, agus ríghthe na Négipteach do theachd oruinn.

Féach an chaibidil



2 Ríthe 7:6
21 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.


Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.”


Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna.


agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.


Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”


Le titim na hoíche mar sin d'éiríodar agus chuireadar chun bóthair i dtreo longfort na nArámach; ach nuair a thángadar go himeall an champa ní raibh caonaí ann.


Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.


Beidh an dream sin ar crith le heagla, óir tá Dia leis an bhfíréan.


Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.


An gcuirfidh tú suas fiú don duine is lú de shearbhóntaí mo thiarna, agus tú ag brath ar an Éigipt le haghaidh carbad agus marcach?


Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.


Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos,


Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.


Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.


Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh.


Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.


Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”