Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 19:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Féuch, cuirfidh misi suinnéan airsion, agus cluinfidh sé giorac, agus fillfidh sé dhá dhuichthe féin; agus do bhéara mé air tuitim leis an ccloidheamh iona thír féin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 19:7
17 Tagairtí Cros  

De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair, cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú.


Fillfidh sé an bealach a tháinig, ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna.


Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n‑aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”


Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.


Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.


Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad.


Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.


Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost. Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach agus anfa gaoithe ina thimpeall.


Tabharfaidh sé a n‑urchóid sa mhullach orthu, agus scriosfaidh iad lena mailís féin; millfidh an Tiarna ár nDia iad.


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna, seoladh teachta chun na náisiún trí chéile: “Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo! Éirígí chun catha!”


Is mar seo a deir an Tiarna: “In aghaidh Chaildéa dúiseoidh mé spiorad adhmhillte;


Ach ná bígí go tromchroíoch! Ná scanraígí le gach scéal a bhíonn á reic ar fud na tíre: iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn; tá foréigean in uachtar ar talamh agus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.


Fís Obaidiá. Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm; tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna, agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún. “Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí