Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.
2 Ríthe 5:12 - An Bíobla Naofa 1981 Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d'uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d'imigh agus é ar buile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nach féarr Abána agus Parphar, aibhne Dhamascus, ná a bhfuil duisgeadhuibh a Nisrael? nach bhféuduim ionnladh ionta sin, agus bheith glan? Marsin do fhill sé agus dimthigh roimhe a bhfeirg. |
Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.
Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t‑uisce; scar an t‑uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime.
Tháinig fearg ar Námán agus d'imigh sé leis á rá: “Shíl mé go dtiocfadh sé amach chugam, go ndéanfadh sin, agus go seasfadh sé amuigh ag glaoch ar ainm an Tiarna a Dhia, agus a lámh a shíneadh os cionn an bhaill agus an lobhar a leigheas.
Ansin dúirt Námán: “Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d'aon dia ach don Tiarna.
Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
Tar as an Liobáin, a bhrídeach, tar as an Liobáin isteach. Féach anuas ó mhullach Amáná, ó mhullach Sheinír agus Hearmón, ó fhásach na leon, ó shliabh na liopard.
I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.
“Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.
Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.