Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 2:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do ghlac sé falluing Elias do thuit uadh, agus do bhuáil na huisgeadha, agus a dubhairt, Cáit a bhfuil TIGHEARNA Día Elias? agus a nuáir do bhuáil seisíon fós na huisgéadha, do chúadar ó chéile anonn sa nall: agus do chuáidh Elisa thairis.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 2:14
16 Tagairtí Cros  

Thóg sé suas fallaing Éilias a thit uaidh, chuaigh ar ais agus sheas ar bhruach na Iordáine.


“Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”


Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”


Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?


Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce is amhlaidh a shantaíonn m'anam thusa, a Dhia.


agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’


Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”


Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.


Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.


Dúirt Gideón leis: “Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d'inis ár n‑aithreacha dúinn, á rá: ‘Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?’ Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí