2 Ríthe 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil II. Elias ar na thógmhail súas go neamh. 9 Dfag a spiorad agus a fhalluing ag Elísa. 1 Agus tárla, a nuáir do báill leis an TTIGHEARNA Elias do thógbháil súas go neamh lé gaoth guairdeain, gondeachaidh Elias le Helisa ó Ghilgal. 2 Agus a dubhairt Elias re Helisa, Guidhim thú, fan annso; óir do chuir an TIGHEARNA misi go Bétel. Agus a dubhairt Elisa ris, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní fhúigfidh mé thú. Marsin do chuádar siós go Bétel. 3 Agus thangadar mic na bhfágh do bhí a Mbétel amach go Helisa, agus a dubhradar ris, An bhfuil a fhios agadsa go mbéara an TIGHEARNA do mhaighistir ód cheann a niugh? Agus a dubhairt seision, A seadh, atá a fhios agum; bíthíse bhur ttochd. 4 Agus a dubhairt Elias ris, A Elísa, fan annso, íaruim mar athchuinge órt; oír do chuir an TIGHEARNA misi go Iericho. Agus a dubhairt seision, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní dheileochuidh mé riot. Marsin do chuádar gó Iericho. 5 Agus thangadar mic na bhfágh do bhí an Iericho go Helisa, agus a dubhradar ris, An bhfuil a fhios agadsa go mbéura an TIGHEARNA do mhaighistir ód cheann a niugh? Agus do fhreagair seision, A seadh, Atá a fhios sin agum; bíthísi bhur ttochd. 6 Agus a dubhairt Elias ris, Guídhim thú, fan annso; óir do chuir an TIGHEARNA misi go Iordan. Agus a dubhairt seision, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní fhúigfidh mé thú. Agus dimthigheadar rompa aráon. 7 Agus do chúadar cáogad do chloinn na bhfágh, Agus do sheasadar da bhféachain a bhfad uatha: agus do sheasadarsan a raon láimh ré Iordan. 8 Agus do ghlac Elias a fhalluing, agus dfill ar a chéile í, agus do bhúail na huisgeadha, agus do roinneadh íad annso agus annsúd, iondus go ndeachadar anonn aráon ar talumh tirím. 9 ¶ Agus tárla, a núair do chuádar anonn, go ndubhairt Elias re Helisa, Iarr cred is áill leachd misi do dhéanamh ar do shon, suil bhéarthar úait mé. Agus a dubhairt Elisa, Guidhim thú, bíodh roinn dhúbalta dot spiorad orum. 10 Agus a dubhairt seision, Is cruáidh an ní díarr tú: má chí tú misi a nuáir bhéarthar uáit mé, biáidh sé agad mar sin; achd muna bhfaicir, ní bhiáidh. 11 Agus tárla, mar do bhádar ag imtheachd ar a naghuidh, agus ag caint, féuch, carbad tinntighe, agus eich thinntighe, do chuireadar aráon íad ó chéile; agus do chuáidh Elias súas le gaóth guairdeain air neamh. 12 ¶ Agus do chonnairc Elisa sin, agus do éigh sé, O mo athair, ó mo athair, carbad Israel, agus a mharcshlúagh. Agus ní fhaca sé ní sa mhó é: agus rug sé ar a éadach féin, agus do réub an ndá chuid íad. 13 Do thóg sé mar an gcéadna falluing Elias do thuit úadh, agus do chuáidh ar a ais, agus do sheas ag brúach Iordan; 14 Agus do ghlac sé falluing Elias do thuit uadh, agus do bhuáil na huisgeadha, agus a dubhairt, Cáit a bhfuil TIGHEARNA Día Elias? agus a nuáir do bhuáil seisíon fós na huisgéadha, do chúadar ó chéile anonn sa nall: agus do chuáidh Elisa thairis. 15 Agus an tan do chonncadar mic na bhfágh noch do bhí ag feitheamh an Iericho é, a dubhrádar, Dfan spiorad Elias air Elisa. Agus thangadar na choinne, agus do chlaonadar íad féin go talumh dá láthair. 16 ¶ Agus a dubhradar ris, Féuch anois, atáid ag do sherbhísigh cáogad fear láidir; guidhmid thú, imthighdis, agus íarraidis do mhaighistir: ar eagla gur thóg Spíorad an TIGHEARNA súas é, agus gur théilg sé air shlíabh éigin é, no a ngleann eigin. Agus a dubhairt seision, Ní chuirfídhe uaibh íad. 17 Agus a nuáir do sháruigheadar é, nó go raibh náire air, a dubhairt sé, Déanuigh. Do chuireadar uimesin cáogad fear; agus díarradar é trí lá, achd ní bhfúaradar é. 18 Agus a nuáir thangadar a rís chuigesion, (óir dfan sé léo an Iericho,) a dubhairt sé ríu, Nach ndubhairt misi ribh, Ná himthighidh? 19 ¶ Agus a dubhradar muinntir na caithreach re Helisa, Guidhmid thú, féuch, gur taitneamhach suidhiughadh na caithreachsa, mar do chí mo thighearna: achd ís olc an tuisge, agus an talumh neamhthórrthach. 20 Agus a dubhairt seision, Tabhruigh chugam crúisgín núadh, agus cuirigh salann ann. Agus thugadar sin chuige. 21 Agus do chuáidh seision amach mar a raibh gineamhuin na nuisgeadh, agus do theilg sé an salann ann, agus a dubhairt, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do leighis mé na huisgeadhasa; ní bhía feasda marbhadh nó neamhthórrachd ionta. 22 Marsin do leasuigheadar na huisgeadha gus a niugh, do réir bhréithre Elisa noch a dubhairt sé. 23 ¶ Agus do chuáidh sé súas as sin go Bétel: agus mar do bhí sé ag imtheachd súas ar a tslighe, thangadar leinibh bheaga amach as au gcathruigh, agus do rinneadar magadh air, agus a dubhradar ris, Eirigh súas, a chinn mhaóil; éirigh súas, a chinn mhaóil. 24 Agus do iompóigh seision ar a ais, agus dféuch orra, agus do mhalluigh sé íad a nainm an TIGHEARNA. Agus tháinig amach dhá mhathghamhuin bhainionna as an ccoill, agus do réubadar días agus dá fithchiod leanamh dhíobh. 25 Agus do chuáidh sé as sin go slíabh Carmel, agus as sin dfill sé go Samaria. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society