2 Ríthe 3:10 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt rí Iosrael: “Mo léan, tá glaoite ag an Tiarna ar an triúr rí seo, lenár dtabhairt i láimh Mhóáb.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt rígh Israel, A thruáighe! gur ghoir an TIGHEARNA na trí ríghthe so a ccionn a chéile, dá seachad a laimh Mhóab! |
Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): “An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?” D'fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: “Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t‑uisce ar lámha Éilias.”
Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad.
Ag caint fós leo dósan, shroich [an rí]. “Is léir,” ar sé, “gur ón Tiarna an mí-ádh seo. Cén fáth a mbeadh muinín agam fós as an Tiarna?”
A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.
Tá do mhic ina luí gan lúth ar choirnéal gach uile shráide chomh lag le heilit i mbarrach, ar meisce le fearg an Tiarna, le bagairtí do Dhé.
Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh