Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil III. Do innis Elísa do rioghaibh Israel, Iudah, agus Edom, go buaghudheádh iad ar mhuinntir Mhoab.

1 Anois do thosuigh Iehoram mac Ahab a rioghachd ós cionn Israel a Samária an tochdmhadh bhadhan déug do Iehosaphat rígh Iúdah, agus do bhí ná rígh dhá bhlíadhuin déug.

2 Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA; acht ní cosmhuil re na athair, nó ré na mhathair: óir do chuir seision úadh íomháigh Bhaal noch do rinne a athair.

3 Ar a shon sin do théann sé ris na peacadhuibh do rinne Ieroboam mac Nebat, noch thug ar Israel peacadh dhéanamh; mor dhealuigh se riú sin.

4 ¶ Agus do bhí Mesa rígh Moab na mhaighistir cáorach, agus do bheireadh do rígh Israel céud míle úan, agus céud mile reithe, gun a noluinn.

5 Agus tárla, a núair déug Ahab, go ndeachuidh rígh Moab a gcogadh ar rígh Israel.

6 ¶ Agus do chuáidh an rígh Iehoram amach as Samária a núair chéadna, agus do airimh sé Israel uile.

7 Agus dimthigh sé agus do chuir sé fios go Iehosaphat rígh Iúdah, dha rádh, Do chuáidh rígh Móab a gcogadh am aghaidh: an racha tú liom do chathughadh a naghaidh Mhóab? Agus a dubhairt seision, Rachad: ataimse mar atá tusa, mo dháoine mar do dháoine, agus mo mharcshlúagh mar do mharcshluágh.

8 Agus a dubhairt sé, Cia an tslighe a rachum súas? Agus do fhreagair seision, An tslighe tré fhásach Edom.

9 Mar sin do imthigh rígh Israel, agus rígh Iúdah, agus rígh Edom: agus do chúadar aisdior sheachd lá timchioll: agus ní raibh uisge aca don tsluagh, nó don náirneis do lean íad.

10 Agus a dubhairt rígh Israel, A thruáighe! gur ghoir an TIGHEARNA na trí ríghthe so a ccionn a chéile, dá seachad a laimh Mhóab!

11 Agus a dubhairt Iehosaphat, Nach bhfuil annso fáigh leis an TTIGHEARNA, go bhfiafruigheamis aigan TIGHEARNA ris? Agus do fhreagair duine do mhuinntir rígh Israel é agus a dubhairt, Atá annso Elisa mac Saphat, noch do dhóirt uisge ar lámhuibh Elias.

12 Agus a dubhairt Iehosaphat, Atá bríathar an TIGHEARNA maille ris. Ann sin do chuáidh rígh Israel, agus Iehosaphat, agus rígh Edom síos go nuige é.

13 Agus a dubhairt Elisa ré rígh Israel, Cred atá agumsa ré dhéanamh riotsa? imthigh go fáighibh hathar, agus go fáighibh do mháthar. Agus a dubhairt rígh Israel ris, Ní headh: óir do ghoir an TIGHEARNA na trí ríghthesi a ccionn a chéile, dá seachad a láimh Mhoab.

14 Agus a dubhaírt Elisa, Mar mhairios TIGHEARNA na slógh, da lathair a seasuim, muna bhféuchuinn go deimhin, do Iehosaphat rígh Iúdah do bheith a lathair, ní fhéuchuinn leath riotsa, agus ní fhaicfhinn tú.

15 Acht a nois tábhair fear seanma chugam. Agus tárla, a nuáir do shinn an fear seanma, go ttáinic lámh an TIGHEARNA fairsion.

16 Agus a dubhairt sé, Is marso a deir an TIGHEARNA, Déanuidh an gléannsa lán do dhiógachaibh.

17 Oir is marso a deir an TIGHEARNA, Ní fhaicfidhe gáoth, agus ni mó chífidhe fearthuinn; gidheadh líonfuidhear an gleannsa duisge, lé a bhféudfuigh dól, sibh feín araon, agus bhur náirneís, agus bhur nainmhintigh.

18 Agus ní bhfuil annso acht ní éattrom a radharc an TIGHEARNA: séachóduigh sé na Moabitigh fós ion bhur láimh.

19 Agus búailfidhthe gach éanchathair dhaingion, agus gach éanchathair thoghtha, agus leag fuidhe gach éan chrann maith, agus stopfuidhe gach uile thobar uisce, agus millfidhe gach éanchuid mhaith fhearamn lé clochaibh.

20 ¶ Agus tárla ar maidin, a núair do hofráladh an níodhbairt bhídh, féuch, go ttáinic uisge a slighe Edom, agus do líonadh an tír le huisge.

21 Agus a núair do chúaladar na Moabitígh uile go ttangadar na ríghthe súas do throid na naghaidh, do chruinnigheadar an mheid re ttáinic arm iomchar, agus ós a chionn, agus do sheasadar ar an leithimiol.

22 Agus do éirgheadar súas go moch ar maidin, agus do lonnruigh an ghrían ar a nuisge, agus do chonncadar na Móabitigh an tuisge don ttaóibh oile choimhdhearg re fuil:

23 Agus a dubhradar, Is fuil so: atáid na ríghthe marbh go deimhin, agus do bhuaileadar féin a chéile: anois ar a nadhbharsin, a Mhóab, chum na héadala.

24 Agus a nuáir thangadar go foslungport Israel, do éirgheadar na Hisraelítigh súas agus do bhuáileadar na Móabitigh, iondus gur theitheadar rompa: acht do chúadar ar a naghaidh búaladh na Móabíteach, air fad gus a ttír féin.

25 Agus do bhriseadar síos na caithreacha, agus ar gach uile phíosa mhaith fhearuinn do chaith gach éanduine a chloch, gur líonadar é; agus do stopadar a nuile thobar uisge, agus do ghearradar na croinn mhaithe uile: amháin ann Cirharaset dfágbhadar a clocha; acht cheana do chúadar luchd na ccránn ttábhuill na ttimchioll, agus do bhuáileadar í.

26 ¶ Agus an tan do chonnairc rígh Mhóab an cath ro dhóirb do rug sé leis seacht ccéud fear do tharruing cloidheamh, do bhriseadh tre chách go rígh Edom: acht níor fhéadadar.

27 Ann sin do ghlac sé a mhac fa sine do bhiadh na oighre air san rioghachd, agus do íodhbuir é mar ofrail loisge ar an mballa. Agus do bhí diombúadh romhór a naghaidh Israel: agus do imthigheadar úadh, agus dfilleadar dá ndúithche féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí