Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): “An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?” D'fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: “Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t‑uisce ar lámha Éilias.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus a dubhairt Iehosaphat, Nach bhfuil annso fáigh leis an TTIGHEARNA, go bhfiafruigheamis aigan TIGHEARNA ris? Agus do fhreagair duine do mhuinntir rígh Israel é agus a dubhairt, Atá annso Elisa mac Saphat, noch do dhóirt uisge ar lámhuibh Elias.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 3:11
27 Tagairtí Cros  

Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.


Thiontaigh Eilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus d'itheadar. D'éirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta aige.


Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”


Chuaigh sé as sin go Sliabh Chairmeil, agus d'fhill ar ais as sin go dtí an tSamáir.


Ansin dúirt rí Iosrael: “Mo léan, tá glaoite ag an Tiarna ar an triúr rí seo, lenár dtabhairt i láimh Mhóáb.”


Dúirt (Iahóiseáfát) [rí Iúdá]: “Tá briathar an Tiarna leis.” Ghabhadar síos chuige dá bhrí sin - rí Iosrael, (Iahóiseáfát) [rí Iosrael], agus rí Eadóm.


Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.


Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi


Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” D'fhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus d'fhreagair Dia é: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.


Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n‑aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.”


Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”


Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.


Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.


agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.


Tar éis bháis do Mhaois óglach an Tiarna, dúirt an Tiarna le Iósua mac Nún, feidhmeannach Mhaois:


Chaith na ceannairí an bia a rinneadar a thairiscint gan comhairle an Tiarna a lorg.


Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”


Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí