Agus do rinne sé an ní fa mhaith a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhail sé a nuile shlighthibh a athar Dáibhi, agus níor fhill sé do leathtaoibh ar a láimh dheis nó ar a láimh chlé.
Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).
D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.
Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.
Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.