Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 16:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Fithche blíadhna daóis do bhí Ahas a nuáir do thosuigh a ríghe, agus do ríoghaidh sé bliádhna déug ann Ierusalem, agus ní dhearnuidh sé an ní fa cheart a radharc an THIGHEARNA Dé, mar do rinne a athair Dáibhi.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 16:2
14 Tagairtí Cros  

Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.


Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”


Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna ar fad, faoi mar a rinne a athair, Amaiziá.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir mar a rinne a athair Uizíá roimhe.


Sa tríú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael tháinig Hiziciá mac Áchaz rí Iúdá i gcoróin.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.


Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí