2 Ríthe 16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XVI. De fhóir rí na Hassiria ar Ahas rí Iudah, anadhaidh righ na Siria. 1 Annsa seachdmhadh blíadhuin déug do Phecah mac Remaliah do thosuigh Ahas mac Iótam rígh Iúdah a ríghe. 2 Fithche blíadhna daóis do bhí Ahas a nuáir do thosuigh a ríghe, agus do ríoghaidh sé bliádhna déug ann Ierusalem, agus ní dhearnuidh sé an ní fa cheart a radharc an THIGHEARNA Dé, mar do rinne a athair Dáibhi. 3 Acht do shiubhail sé a slighe ríogh Israel, thug fós, ar a mhac dul thríd an tteinidh, do réir adhúathmhaireachd na ngeinteadh, noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel. 4 Agus do rinne sé iódhbairt agus do loisg sé túis air na hárduibh, agus air na cnocaibh, agus fáoi gach éanchrann glas. 5 ¶ Annsin tháinic Resin rígh na Síria agus Pecah mac Remaliah rígh Israel súas go Hierusalem chum cogaidh: agus do chuireadar slúagh na suidhe air Ahas, achd ní dheachaidh aca air. 6 A nuairsin do ghnodhuigh Résin rígh na Siria Elat ar ais don Tsiria, agus do dhíbir na Iúduighe ó Elat: agus thangadar na Sírianuigh go Helat, agus do áitigheadar ann sin gus a niugh. 7 ¶ Annsin do chuir Ahas teachda go Tiglat‐pileser rígh na Hassíria, ghá rádh, Is misi do sherbhíseach agus do mhac: tárr anshíos, agus cumhdaigh mé as láimh rígh na Síria, agus as láimh rígh Israel, noch déirigh súas am aghaidh. 8 Agus do ghlac Ahas an tór agus an tairgiod do fríth a ttigh an TIGHEARNA, agus a nionnmhus thighe an rígh, agus do chuir tiodhlacadh go rígh na Hassíria. 9 Agus dáontuigh rígh na Hassíria leis: óir do chuáidh rígh na Hassíria súas a naghaidh Dhamascus, agus do ghabh sé í, agus rug na daóine do bhí innte a láimh go Cir, agus do mharbh sé Résin. 10 ¶ Agus do chúaidh Ahas go Damascus a ccoinne Thiglat‐pileser rígh na Hassíria, agus do chonnairc sé altóir do bhí ann Damascus: agus do chuir an rígh Ahas chum Uriiah an sagart cuma na haltóra, agus a samhlachus, dó réir á hoibrighthe uile. 11 Agus do rinne Uriiah an sagart altóir do réir gach éinneithe dar chuir Ahas an rígh ó Dhamascus chuige: már sin do rinne Uriiah an sagart í fá a nam a ttáinic an rígh Ahas ó Dhamascus. 12 Agus a núair tháinic an rígh ó Dhamascus, do chonnairc an rígh an altóir: agus tháinic an rígh gus a naltóir, agus do ofráil sé uirre. 13 Agus do loisg sé ofráil loisge agus ofráil bhídh, agus do dhóirt a ofráil dighe, agus do chroith sé fuil a ofrála síothchána, air an naltóir. 14 Agus do rug sé leis mar an gcéadna an naltóir phráis, do bhí a lathair an TIGHEARNA, ó éadan an tighe, ó eidir an naltóir agus tigh an TIGHEARNA, agus do chuir sé air an ttáoibh thuáigh do naltóir í. 15 Agus do aithin Ahas do Uriiah an sagart, ghá rádh, Ar an naltóir mhóir loisg ofráil loisge na mhaidne, agus ofráil bhídh an trathnóna, agus iodhbuirt loisge an rígh, agus a ofráil bhídh, agus ofráil loisge dháoine na tíre uile, agus a nofral bhidh agus a nofrála dighe; agus croith uirre fuil na hofrála loisge uile, agus fuil híodhbarta uile: agus biádh an naltóir phraís agumsa do cheasnughadh maille lé. 16 Marso do rinne Uriiah an sagart, do réir a nuile ní dar aithin an rígh Ahas de. 17 ¶ Agus do gheárr an rígh Ahas imiol na mbásadh, agus do átharruigh an láibher dhíobh amach; agus do leag an nfairge do na damhuibh práis do bhí fúithe, agus do chuir ar phábháil chloch í. 18 Agus an folach don tsabbóid do rinneadar annsa tigh, agus dul a steach an rígh amuich, do iompóigh sé ó thigh an TIGHEARNA deagla rígh na Hassíria. 19 ¶ Auois an chuid oile do ghníomhuibh Ahas noch do rinne sé, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah? 20 Agus do choduil Ahas a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh agá aithribh é a ccathruigh Dháibhi: agus do ríoghaidh Heseciah a mhac na áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society