Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sa seachtú bliain déag de réimeas Pheacach mac Ramailiá thánig Áchaz mac Iótám i gcoróin ar Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annsa seachdmhadh blíadhuin déug do Phecah mac Remaliah do thosuigh Ahas mac Iótam rígh Iúdah a ríghe.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 16:1
12 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear, agus tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.


Sa dara bliain déag de réimeas Áchaz rí Iúdá tháinig Hóiséa mac Éalá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir agus bhí sé naoi mbliana i réim.


Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan,


Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.


Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.


Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:


Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.


Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí