Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Manaise i gcomharbacht air.
2 Ríthe 21:1 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhí Manasseh dhá bhlíadhain déug dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghaidh cúig bhlíadhna déug agus dá fhithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Hephsibah. |
Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Manaise i gcomharbacht air.
Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air.
Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim.
Eilit chórach, fia maisiúil; [bíodh sise mar chuideachta agat;] bíodh a cíochasan mar shólás agat i gcónaí, agus a grásan i gcónaí do do chuibhreach.
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.