Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Ríthe 21 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XXI. Olcas Mhanasseh an rí. 19 Agus Amon.

1 Do bhí Manasseh dhá bhlíadhain déug dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghaidh cúig bhlíadhna déug agus dá fhithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Hephsibah.

2 Agus do rinne se an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA, do réir adhfhuathmhaireachd ná ngeinteadh, noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.

3 Oir do chuir sé súas a rís na háite árda noch do mhill Heseciah a athair; agus do chuir sé altóra súas do Bhaal, agus do rinne sé garrán, mar do rinne Ahab rígh Israel; agus do adhuir sé slúagh neimhe, agus do rinne serbhís dóibh.

4 Agus do rinne sé altóra a ttigh an TIGHEARNA, dá ndubhairt an TIGHEARNA, Ann Ierusalem chuirfios mé mainm.

5 Agus do chuir sé altóra súas do shlúagh neimhe uile a ndá chúirt thighe an TIGHEARNA.

6 Agus thug ar a mhac dul thríd an tteine, agus do adhradh daimsearuibh, agus do níodh droigheachd, agus cumann ré leannánuibh síthe agus re luchd fáistine: doibrigh sé mórán uilc a radharc an TIGHEARNA, ler bhrostuigh é chum feirge.

7 Agus do shuighidh sé íamháigh ghrábhálta don gharrán do rinne sé annsa tigh, a ttaóibh a ndubhairt an TIGHEARNA ré Dáibhi, agus re Solamh a mhac, Annsa tighsi, agus ann Ierusalem, noch do thogh mé as treabhuibh Israel uile, chuirfios mé mainm go bráth:

8 Agus ní chorrocha mé cosa Israel nios mó amach as a ndúithche féin noch thug mé dá naithribh; amháin má choimhéaduid síad a dhéanamh do réir a nuile dhlighe, do aithin mo shearbhfhoghantuigh Maóise dhíobh.

9 Acht níor éisteadarsan: agus do tharruing Manasseh íad chum niós mó dulc do dhéanamh ná a ndéarnadar na cineadhacha do dhíbuir an TIGHEARNA roimhe chloinn Israel.

10 ¶ Agus do labhair an TIGHEARNA tre na shearbhfhoghantaibh na fáighe, dha rádh,

11 Do bhrígh go ndéarnuidh Manasseh rígh Iúdah na neithe adhfhuathmharsa, go ndéarna sé olc ós cionn a ndéarnadar na Hamorítigh, noch do bhí roimhe, agus go ttug air Iúdah mar an gcéadna peacughadh le na iodhaluibh:

12 Ar a nadhbharsin is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Féuch, atáim ag tabhairt a leithéid sin dulc ar Ierusalem agus ar Iúdah, gidh bé ar bith chluinfios é, go mbíaidh fuáim iona dhá chluáis.

13 Agus sínfidh mé tar Ierusalem dúrubha Shamária, agus plumba thighe Ahab: agus cuimeoluidh mé Ierusalem mar chuimlios duine mias, dá chumailt, agus da hiompógh bun ós cionn.

14 ¶ Agus tréigfidh mé fuighioll moighreachda, agus seachoduigh mé a láimh á námhad íad; agus béid na ccreich agus na nédail agá naimhde uile;

15 Do bhrígh go ndéarnadar an ní dob olc ann mo radharc, agus gur chorruigheadar chum feirge mé, on ló fá ttangadar a naithre amach as an Négipt, gus a niugh.

16 Tuilleamh oile do dhóirt Manasseh fuil neímhchiontach go ro iomarcach, nó gur lion sé Ierusalem ón chionn go chéile; táobh amuich dá pheacadh lé ttug sé ar Iúdah peacughadh, an déanamh an neithe fa holc a radharc an TIGHEARNA.

17 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhaibh Mhanasseh, agus a ndéarna sé uile, agus a pheacaidh noch do pheacaidh sé, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?

18 Agus do choduil Manasseh a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh a ngáirdín a thighe féin é, a ngáirdín Ussah: agus do ríoghaidh Amon a mhac na áit.

19 ¶ Do bhí Amon dhá bhlíadhuin agus fithche daóis an tan do thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghaidh dhá bhlíadhuin ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Mesulemet, inghean Harus ó Iotbah.

20 Agus do rinne sé an ní dob olc a radharc an TIGHEARNA, mar do rinne a athair Manasseh.

21 Agus do shiubhail sé annsna huile shlighthibh ann ar shiubhail a athair, agus do rinne serbhís do na hiodhaluibh dá ndearnuidh a athair serbhís, agus do adhair sé dhóibh:

22 Agus do thréig sé an TIGHEARNA Día a aithreadh, agus níor shiubhail sé a slighe an TIGHEARNA.

23 ¶ Agus do chumadar searbhfhoghantuighe Amon feall na aghaidh, agus do mharbhadar an rígh iona thigh féin.

24 Agus do mharbhadar dáoine na tíre an luchd sin uile do rinne feall a naghaidh an rígh Amon; agus do rinneadar dáoine na tíre rígh do Iosiah a mhac na aít.

25 ¶ Anois an chuid oile do ghniomhuibh Amon noch do rinne sé, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?

26 Agus do hadhlaiceadh iona thúama é a ngáirdín Ussa: agus do bhí Iosiah a mhac na rígh na áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí