Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.
2 Ríthe 19:16 - An Bíobla Naofa 1981 Claon do chluas, a Thiarna, agus éist. Oscail do shúile, a Thiarna, agus feic. Éist le briathra Shanaichéiríb A chuir sé a mhaslú Dé bheo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A THIGHEARNA, crom a núas do chlúas, agus cluin: foscuil, a THIGHEARNA, do shúile, agus féuch: agus cluin bríathra Shennacherib, noch do chuir sé daithiseadh an Dé bhí. |
Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.
“Is fíor, a Thiarna, gur dhíothaigh ríthe na hAsaíre na náisiúin (agus a dtíortha).
Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”
“Bíodh do shúile ar leathadh, a Dhia liom, agus tabhair cluas i gcónaí don urnaí a ofrálfar suas ón áit seo.
Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn; nár dhéantar mo náiriú go brách. Saor mé de réir d'fhíréantachta,
Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis; cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t‑éagráifeach gach lá thú.
Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa.
Claon do chluas chugam, a Thiarna, agus éist liom; oscail do shúile, a Thiarna, agus amharc orainn. Éist le focail Shanaichéiríb a chuir sé uaidh a mhaslú Dé bheo.
Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”
Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht.