Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 19:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do ghuidh Heseciah a lathair an TIGHEARNA, agus a dubhairt, O a THIGHEARNA Día Israel, noch chomhnuighios eidir na cherubínibh, is tusa amháin Día, rioghachd an domhuin uile; is tú do rinne neamh agus talamh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 19:15
36 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.


Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad. Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh,


“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Thóg sé altóir ansiúd ar ar thug sé “Éil, Dia Iosrael”.


Nuair a chonaic an pobal uile é sin, thiteadar ar a n‑aghaidh agus ghlaodar: “Is é an Tiarna is Dia ann; is é an Tiarna is Dia ann.”


Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas


Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”


Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”


Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin.


Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.


Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh.


agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia ár sinsear, nach tusa an Dia a chónaíonn sna flaithis? Nach bhfuil tusa i gceannas ar ríochtaí na gciníocha go léir? Tá a leithéid de chumhacht agus de neart i do lámhasa nach féidir le haon duine cur i do choinne.


Sa chruachás sin dóibh, ghuigh an rí Hiziciá agus an fáidh Íseáia mac Ámóz agus ghlaoigh siad chun na bhflaitheas.


Tusa amháin is Tiarna; Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir, An talamh agus a torthaí go léir, Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach. Chuir tú anam sna nithe sin go léir; Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair.


Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.”


Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh.


an té a rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus gach a bhfuil iontu. An té a sheasann lena bhriathar de shíor;


Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.


Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.


Éist linn, a aoire Iosrael, a sheolann Iósaef mar thréad. I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh


Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.


Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”


Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í.


Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.


Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.


Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.


Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”


Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe, a chríocha na talún uile, óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!


‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.


Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí