Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna,
2 Ríthe 12:15 - An Bíobla Naofa 1981 mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Os a chionn sin ní dheárnadar cuntus ris na dáoinibh, a lámhuibh a ttugadar an tairgiod re sheachadadh don luchd oibre: óir do rinneadar fírinne. |
Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna,
Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.”
Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach;
Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?
Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine.
Táimid ar ár n‑aire, áfach, nach mbeidh gearán ag duine ar bith orainn faoin gciste fial seo atá faoinár gcúram.
A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.