Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 12:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t‑airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Airgid a naindlighe agus airgiod an pheacaibh ní tugadh sin a steach go tigh an TIGHEARNA: budh leis na sagartaibh é.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 12:16
9 Tagairtí Cros  

Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.


Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad, agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.


Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t‑íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo.


Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca agus maraíodh sé an t‑íobarthach peaca mar a maraítear na huileloiscthigh.


Is é dála an íobairt pheaca é ag an íobairt chúitimh; is ionann gnás dóibh. An sagart a dhéanann leorghníomh léi, bíodh sí aige.


Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí