Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Do chlaón Iehóas ó na dhiaghachd. 17 Do chuir se cuid don ionnmhus naomhtha chum Hasael.

1 Annsa seachdmhadh blíadhuin do Iehu do thosuigh Iehoas a ríghe; agus dhá fhithchiod blíadhuin do bhí na rígh ann Ierusalem. Agus do bé ainim a mhathar Sibia ó Bheerséba.

2 Agus do rinne Iehoas an ní fá cheart a radharc an TIGHEARNA ar feadh láetheadh a sháoghail iona raibh Iehoiada an sagart dá mhúnadh.

3 Acht níor cuireadh na háite árda ar geúl: do nídis an pobal a ccomhnuigh íodhbuirt agus do loisgedís túis annsna háitibh árda.

4 ¶ Agus a dubhairt Iehoas ris na sag airtaibh, Gach uile airgiod do na neithibh tiodhlaicthe bheirthear go tigh an TIGHEARNA, eadhon airgiod gach duine dá ndéan a chuntas, an tairgiod meastar do dhuine fa leith, agus gach uile airgiod dá ttiucfa a ccroidhe dhuine do thabhairt go tigh an TIGHEARNA,

5 Glacaidis na sagairt chuca é, gach éanduine ó na aitheantus féin; agus leasuighdís bristeadha an tighe, gidh bé ball a bhfaghthar briseadh air.

6 Achd is amhluidh bhí, annsa treas blíadhuin fithchiod do ríghe Iehoas nár dheasuigheadar na sagairt bristeadha an tighe.

7 Ann sin do ghoir Iehoas air Iehoiada an sagart, agus na sagairt oile, agus a dubhairt riú, Cred fa nach leasuighthigh bristeadha an tighe? anois ar a nadhbharsin ná glacaidh nios mó dairgiod ó bhur naitheantus, acht tugaidh ar son bhristeadha an tighe é.

8 Agus do budh toil leis na sagartaibh gan nios mó dairgiod do ghlacadh ón bpobal, agus gan bristeadha an tighe do leasughadh.

9 Achd do ghlac Iehoiada an sagart cófra, agus thug poll iona chláirbhéil, agus do shuighidh láimh ris a naltoír é, ar an ttaobh ndeas mar tig duine a steach go tigh an TIGHEARNA: agus na sagairt do choimhéd an dorus do chuirdís annsin gach airgiod dá ttugthaói go tigh an TIGHEARNA.

10 Agus is amhluidh bhí, an tan do chonncadar go raibh mórán airgid annsa chófra, go ttáinic scribhneóir an rígh agus an tárdshagart súas, agus do chuireadar a máladha, agus do comháireadar an tairgiod do frith a ttigh an TIGHEARNA.

11 Agus thugadar an tairgiod, ar na áireamh, a láimh na ndáoine do rinne a nobair, agá raibh féadhmantus thighe an TIGHEARNA: agus thugadarsan amach é do na sáoruibh agus don luchd saóthair, do oibrigh ar thigh an TIGHEARNA,

12 Agus do shaóruibh cloch, agus do luchd snoighte cloch, agus do cheannach adhmuid agus cloch shnoighte do leasughadh bhriseadh tighe an TIGHEARNA, agus ar gach éinní dar cuireadh amach ar son an tighe da dheasughadh.

13 Gidheadh ní dheárnadh do thigh an TIGHEARNA cupáin airgid, glantóirigh, báisínigh, trumpadha, aon tsoitheach óir, nó soithighe airgid, do nairgiod tugadh a steach go tigh an TIGHEARNA:

14 Acht thugadar sin don luchd oibre, agus do leasuigheadar leis tigh an TIGHEARNA.

15 Os a chionn sin ní dheárnadar cuntus ris na dáoinibh, a lámhuibh a ttugadar an tairgiod re sheachadadh don luchd oibre: óir do rinneadar fírinne.

16 Airgid a naindlighe agus airgiod an pheacaibh ní tugadh sin a steach go tigh an TIGHEARNA: budh leis na sagartaibh é.

17 ¶ Ann sin do chuáidh Hasael rígh na Síria súas, agus do throid sé a naghaidh Gát, agus do ghabh sé í: agus thug Hasael aghaidh ar dhul súas go Hierusalem.

18 Agus do ghlac Iehoas rígh Iúdah na neithe náomhtha uile do thiodhlaic Iehosaphat, agus Iehóram, agus Ahasiah, a aithre, ríghthe Iúdah, agus a neithe naomhtha feín, agus ar fríth dór a stórúsuibh thighe an TIGHEARNA, agus a ttigh an rígh, agus do chuir chum Hasael rígh na Síria é: agus dimthigh sé ó Ierusalem.

19 ¶ Agus an chuid oile do ghníomhuibh Ioas, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar chroinice ríogh Iúdah?

20 Agus déirgheadar a sherbhísigh, agus do chogradar ré cheile, agus mharbhadar Ioas a ttigh Mhillo, noch théid síos go Silla.

21 Oír do bhuail Iosachar mac Simeat, agus Iehosabad mac Sómer, a sherbhísigh é, agus deúg sé; agus do adhlaiceadar é a bhfochair a aithreadh a ccathruidh Dháibhi: agus do ríoghuidh Amasiah a mhac na áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí