Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 22:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Acht cheana ní dhéarnadh cuntus ar bith riú fan nairgiod tugadh air a láimh, do bhrígh go ndéarnadar fírinne.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 22:7
11 Tagairtí Cros  

mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna.


ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill.


Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid. Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá.


Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.


Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.


Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis.


An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.


A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí