Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.
1 Samúéil 4:11 - An Bíobla Naofa 1981 Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabhadh airc Dé; agus do mharbhadh, días mac Eli, Hophni agus Phinehas. |
Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.
Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”
“Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m'ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael.
Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d'athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach.
Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d'Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách.
Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.
Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.
Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.