Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 3:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Annsa ló sin críochnochuidh mé a naghaidh Eli, a nuile ní dar lábhair mé a ttaobh a thighe: a núair thoíseochus mé, déana mé críochnughadh mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 3:12
11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt mé: “A Thiarna Dia, tá siad ag rá fúm: ‘Nach é an fáthscéalaí é?’ ”


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.


Luigh clann Iosrael níos troime agus níos troime ar Iábaín rí Chanán go dtí gur scriosadar Iábaín rí Chanán.


Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás.


D'fhreagair an teachtaire: “Chuir na Filistínigh an teitheadh ar Iosrael. Briseadh go tubaisteach ar an arm; mar bharr ar an donas, tá Hofnaí agus Píneachás, do bheirt mhac, marbh agus tá áirc Dé gafa.”


Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: “Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,” ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear.


Dúirt sí: “D'imigh an ghlóir ó Iosrael, óir gabhadh áirc Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí