Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

1 Samúéil 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil III. Ghoir an TIGHEARNA Samuel ceithre úaire. 18 Dinnis é do Eli gach ar labhair an anaghaidh a thighc.

1 Agus do bhí an leanamh Samuel ag míniostralachd don TIGHEARNA a lathair Eli. Agus bá mórluáigh bríathar an TIGHEARNA ansna laéthibh sin; ní raibh fios ós áird ann.

2 Agus tarla fa nám sin, a nuáir do bhí Eli na luighe síos ann a áit féin, agus ar thosuigheadar a shúile air bheith dall, nach ar léir dhó;

3 Agus suil do chuáidh lampa Dé as a tteampall an TIGHEARNA, mar a raibh áirc Dé, agus Samuel ar luidhe síos;

4 Gur ghoir an TIGHEARNA A Shamuel: agus gur fhreagair seision, Atáim annso.

5 Agus do rith sé chum Elí, agus a dubhairt, Atáim annso; óir do ghoir tú orum. Agus a dubhairt seision, Níor ghoir mé ort; luigh sios a rís. Agus do imthigh sé agus do luigh sé sios.

6 Agus do ghoir an TIGHEARNA a ris, A Shamuel. Agus déirigh Samuel agus do chuáidh sé go Héli, agus a dubhairt sé, Atáimsi annso; óir do ghoir tú orum. Agus do fhreagair seision, Agus a dubhairt, Níor ghoir misi ort, a mhic; lúigh síos a rís.

7 Anois ní raibh fios an TIGHEARNA fós ag Samuel, agus ni mó do foillsighiodh briathar an TIGHEARNA dhó fós.

8 Agus do ghoir an TIGHEARNA Samuél a rís an treas uáir. Agus do éirigh seision agus do chuaídh go Héli, agus a dubhairt, Atáim annso; óir do ghoir tú orm. Agus do thuig Eli gur bhé an TIGHEARNA do ghoir an leanamh.

9 Uimesin a dubhairt Eli re Samuel, Imthigh, luigh síos: agus go madh amhlaidh bhiás, má ghoirionn sé ort, go naibeora tusa, Labhair, a THIGHEARNA; óir do chluin do sheirbhiseach. Marsin do imthigh Samuel agus do luigh siós iona ionad fein.

10 Agus tháinic an TIGHEARNA, agus do sheas, agus do ghoir mar na húairibh oile, A Shamuel, a Shamuel. Ann sin do fhreagair Samuel, Labhair; oír cluinidh do sheirbhiseach thú.

11 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Samuel, Féach, do dhéana misi ní a Nisrael, fá mbéid dhá chlúais gach aóin dá gcluinfidh é, ag foghard.

12 Annsa ló sin críochnochuidh mé a naghaidh Eli, a nuile ní dar lábhair mé a ttaobh a thighe: a núair thoíseochus mé, déana mé críochnughadh mar an gcéadna.

13 Oír dinnis mé dhó go mbéaruinn breath ar a thigh go bráth ar son a nuilc as aithnidh dhó feín; do bhrigh go ndearnadar a mhic íad féin malluigh, agus nar thoirmisg seision íad.

14 Uime sin thug mé mionna do thigh Eli, nach glanfuidhe éaigceart tigh Eli lé híodhbáirt no lé hofráil gó bráth.

15 ¶ Agus do luigh Samuel go maidin, agus dfoscuíl doirsi thighe an TIGHEARNA. Agus do bhí eagla ar Shamuel an nfis dfoillsiughadh do Eli.

16 Annsin do ghoir Eli Samuel, agus a dubhairt, A Shamuel, a mhic. Agus do fhreagair seision, Atáim annso.

17 Agus a dubhairt sé, Cred é an ní sin a dubhairt an TIGHEARNA riot? Guidhim thú ná ceil orum é: go ndéarna Día marsin riotsa, agus tuilleamh fós, má chéilionn tú éinní orum do na huile neithibh a dubhairt sé riot.

18 Agus dínnis Samuel dó gach uile ní, agus níor cheil éinní air. Agus a dubhairt seision, Sé an TIGHEARNA é: déanadh sé an ní is áill leis feín.

19 ¶ Agus dfás Samuel, agus bhí an TIGHEARNA maille leis, agus níor leig aonfhocal dá chomhrádh tuitim chum na talmhan.

20 Agus do bhí a fhios ag cloinn Israel ó Dhan go Beerséba gur hórduigheadh Samuel do bheith na fháighdon TIGHEARNA.

21 Agus do fhoillsigh an TIGHEARNA é féin a rís a Siloh: óir dó fhoillsigh an TIGHEARNA é féin do Shamuel a Síloh lé breithir an TIGHEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí