Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 A mhairg don chiontach! óir is olc bheithior aigesion: óir do bhéarthar lúach sáothair a lámh féin dó.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 3:11
36 Tagairtí Cros  

Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”


Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”


Féach! tabharfaidh mé an t‑olc sa mhullach ort, agus déanfaidh mé scrios iomlán ort. Gearrfaidh mé gach mac máthar dá shliocht daor nó saor chun siúil ó Acháb.


éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.


Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.


Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha agus mioscais a n‑ainbheart. Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh: déan an comhar a dhíol leo.


Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,


Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.


Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh, nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach!


Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.


An té a thochlann poll, titeann sé ann, agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti.


ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air.


Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.


“Níl síocháin ar bith,” a deir an Tiarna, “i ndán do choirpigh.”


Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé.


Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo


a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.


(Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’ ”


“Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.”


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh;


An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.


D'oscail sé é os mo chomhair agus bhí scríbhneoireacht ann ar thosach agus ar chúl, agus is é bhí [scríofa] air “caointe agus tuirimh agus marbhnaí”.


Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Má deirim le drochdhuine: A dhrochdhuine, éagfaidh tú gan teip; agus nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, gheobhaidh an drochdhuine sin bás de bharr a pheaca ach cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.


Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.


Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.


Ach mura ndéanann sibh amhlaidh, beidh peaca á dhéanamh agaibh in aghaidh an Tiarna, agus is deimhin go dtiocfaidh bhur bpeaca oraibh.


Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.


Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.


Agus thug Dia coirpeacht uile mhuintir Sheicim ar ais sa mhullach orthu féin agus tháinig mallacht Iótám mac Iarubál orthu chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí