Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal.
1 Ríthe 8:10 - An Bíobla Naofa 1981 Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tárla, a nuáir thangadar na ságairt amach as á náit ro náomhtha, gur lion an néull tigh an TIGHEARNA, |
Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal.
Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.
Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.
An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:
Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.
D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.
labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.
Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!
Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.