Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 15 - An Bíobla Naofa 1981


Iomann Mhaois agus an Uain

1 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n‑aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.

2 Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm - bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,

3 agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.

4 Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”

5 Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b'shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,

6 agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.

7 Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n‑aingeal seacht soitheach óir lán d'fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.

8 Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí