Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 10:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ann sin do chuáidh glóir an TIGHEARNA súas ón cherub, agus do sheas ós cionn thairsidhe an tighe; agus do bhí an tigh líonta do néull, agus do bhí an chúirt líonta do dhéalradh glóire an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 10:4
15 Tagairtí Cros  

Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca.


Níor fhéad Maois dul isteach i mBoth na Teagmhála mar gur luigh an néal uirthi agus gur líon glóir an Tiarna an taibearnacal.


An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:


An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.


Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.


Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir.


Thóg an spiorad mé agus thug isteach sa chúirt inmheánach mé; agus féach, líon glóir an Tiarna an Teampall.


Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D'amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh.


D'ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.


Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”


Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.


Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí