“Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach.
1 Ríthe 21:1 - An Bíobla Naofa 1981 Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla a ndiáigh na neitheannsa, go raibh fíneamhuin ag Nábot an Tiesreelíteach, noch do bhí ann Iesreel, láimh ré palás Ahab rígh Samária. |
“Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach.
Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: “Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air:
mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin.,
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.
Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil.
Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil.