Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 20:43 - An Bíobla Naofa 1981

43 D'imigh rí Iosrael leis abhaile agus tháinig go dtí an tSamáir agus pus agus breall air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Agus do chúaidh rígh Israel dhá thigh dubhach feargach, agus tháinic sé go Samária.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 20:43
7 Tagairtí Cros  

Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.


Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.


D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.


Maraíonn an faltanas an t‑amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth.


A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí