Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Samúéil 29 - An Bíobla Naofa 1981


Díbríonn na Filistínigh Dáiví

1 Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil.

2 Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís.

3 D'fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” D'fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.”

4 Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?

5 Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh: ‘Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”

6 Chuir Áicís fios ar Dháiví agus dúirt sé leis: “Dar an Tiarna beo, bhí tú dílis, agus, dar liomsa, níl ann ach an ceart thú a dhul in éineacht liom ar an slógadh, mar nach bhfuair mé aon locht ort ón lá a ghabh tú liom go dtí inniu féin. Ach níl na taoisigh sásta leat.

7 Fill ar ais anois, agus déan amhlaidh go síochánta, agus ná cuir olc ar thaoisigh na bhFilistíneach.”

8 “Cad tá déanta agam?” arsa Dáiví le hÁicís, “cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?”

9 D'fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: “Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: ‘Ná téadh sé amach linn chun catha.’

10 Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.”

11 Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin go luath ar maidin, é féin agus a chuid fear, ar a slí ar ais go tír na bhFilistíneach. Ach chuaigh na Filistínigh suas go hIzréil.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí