2 Ríthe 9:21 - An Bíobla Naofa 198121 “Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 Agus a dubhairt Ióram, Bíthí réidh. Agus do hinnleadh a charbad dho. Agus do chuáidh Ióram rígh Israel agus Ahasiah rígh Iúdah amach, gach áon ann a charbad, agus do chúadar amach a naghaigh Iéhu, agus tárla ris íad a bhfearann Nábot an Tiesreliteach. Féach an chaibidil |