Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 9:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus tárla, a nuáir do chonnairc Ióram Iehu, go ndubhairt sé, An síothcháin, a Iéhu? Agus do fhreagair seision, Cred í an tsióthcháin, an fad bhías stríopachus do mhatharsa Iesebel agus a piséoga coimhlíonmhar sin?

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 9:22
16 Tagairtí Cros  

Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”


Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.


Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.


Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.” Agus thug an fear faire scéala: “Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.”


ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,


tráth grá, tráth fuatha, tráth cogaidh, tráth síochána.


De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais a rinne an striapach ghrástúil sciamhach, atá oilte ar orthanna draíochta, agus a chuir daoirse ar na náisiúin lena cuid striapachais agus ar chiníocha lena horthanna draíochta,


Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.


óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.”


Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí