“Tá a fhios agat,” ar sé, “gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í.
1 Ríthe 2:16 - An Bíobla Naofa 1981 Tá aon achainí amháin agam ort; ná tabhair an t‑eiteach dom.” “Abair leat,” ar sise leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nois íarruim éan athcuinge amhaín ortsa, ná diúlt mé. Agus a dubhairt sisi ris, Abair romhad. |
“Tá a fhios agat,” ar sé, “gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í.
Lean sé air: “Iarr ar Sholamh rí, le do thoil, Aibíseag ó Shiúnaem a thabhairt dom mar bhean.”
“Tá aon achainí bheag amháin agam ort,” ar sí, “agus ná tabhair an t‑eiteach dom.” Dúirt an rí léi: “Cuir d'achainí chugam, a mháthair, mar ní thabharfaidh mé an t‑eiteach duit.”