Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 2:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 “Tá a fhios agat,” ar sé, “gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus a dubhairt seision, Atá a fhios agad go madh liomsa an rioghachd, agus gur iompóigh Israel uile a naghaidh orum, dom bheith am rígh: gidheadh diompóigh an rioghachd fa gcuairt, agus tháinic chum mo dhearbhrathar: óir fa leision ón TTIGHEARNA í.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 2:15
19 Tagairtí Cros  

Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó,


Tháinig teachtaire chuig Dáiví agus dúirt leis: “Tá lé ag fir Iosrael le hAibseálóm anois.”


Is mar sin a dhéanadh Aibseálóm leis na hIosraelaigh go léir a thagadh chuig an rí ag tagra a gcirt, agus mheall Aibseálóm croí fhir Iosrael ar an tslí sin.


Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: “Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé.


a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr;


an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Seafateá mac Aibíotal;


Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.


Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’


Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.


Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”


Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe.


“Tá rud éigin le rá agam leat,” ar sé léi ansin. “Abair leat,” ar sí.


Tá aon achainí amháin agam ort; ná tabhair an t‑eiteach dom.” “Abair leat,” ar sise leis.


D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí