Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”
1 Ríthe 19:6 - An Bíobla Naofa 1981 D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus damhaírc seision, agus, féuch, do bhí bairghin do bruitheadh ar an ngríosuidh, agus crúiscín uisge agá cheann. Agus a duáigh sé agus do ibh sé, agus do luidh sé síos arís. |
Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”
Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d'óladh sé uisce an tsrutháin.
Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!”
Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: “Éirigh agus ith nó beidh an t‑aistear ró-fhada duit.”
Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.
- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.
tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.
Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile.
Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?” “Níl,” ar siad á fhreagairt.
Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.