Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 33:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 - beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Aitreobhuidh go hárd: budh íad daingneach na ccarrag a áit cumhduigh: do bhéarthar arán dó; budh dearbhtha a uisge.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 33:16
27 Tagairtí Cros  

D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.


Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise, go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.


Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla; cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.


Salm le Dáiví. A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth? Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?


An Dia a chrioslaigh mé le calmacht agus a rinne mo bhealach sábháilte;


Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,


A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh.


Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.


De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m'ainm.


An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”


An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.


Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.


Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.


Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.


Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána, i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha,


Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.


is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.


Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


Is é an Tiarna Dia mo neart; tugann sé dom luathchosa eilite; cuireann sé mé ag céimniú go daingean buach ar na harda. Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.


Ár n‑arán laethúil tabhair dúinn inniu;


Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí