Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 17:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d'óladh sé uisce an tsrutháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus tugadar na fíaich arán agus feóil chuige ar maidin, agus arán agus feóil tráthnóna; agus do ibh sé as an nabhuinn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 17:6
25 Tagairtí Cros  

D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.


Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d'imigh sé agus d'fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.


Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír.


D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.


D'éirigh sé mar sin, agus d'ith sé agus d'ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.


Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,


Ní thabharfar a náire in am na tubaiste, agus líonfar iad in am an ghorta.


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.


- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.


Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann.


“Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”


Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”


Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


Dúirt sé leo dá bhrí sin: “As an iteoir, tháinig rud le hithe; As an tréan, tháinig an milis.” Ar feadh trí lá chuaigh díobh an tomhas a réiteach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí