1 Ríthe 16:8 - An Bíobla Naofa 1981 Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Annsa seiseadh bhlíadhain fithchiod do Asa rígh Iúdah do thosuigh Elah mac Baasa bheith na rígh ar Israel ann Tirsah, dhá bhlíadhuin. |
Sa tríú bliain de ré Ásá rí Iúdá, tháinig Báiseá, mac Aichíá, i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá, agus mhair a ré ceithre bliana fichead.
Sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Zimrí i gcoróin ar Iosrael i dTirzeá, ar feadh seacht lá. Bhí an pobal i longfort os comhair Ghibeatón, cathair leis na Filistínigh.
Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí.
San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá.
Ansin chuaigh Báiseá chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i dTirzeá, agus tháinig a mhac Éala i gcomharbacht air mar rí.
Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.
Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,
Ansin ghabh Manachaem mac Gháidí suas ó Thirzeá, chuaigh isteach sa tSamáir, mharaigh Sealúm mac Iáibéis inti, agus tháinig i gcoróin ina áit.
Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim.
Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair.
Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí; ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.