Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 ¶ Ann sa náonmhadh bliadhuin déag ar fhithchid do Asa rígh Iúdah do thosuigh Omri a rioghachd ós cionn Israel, dha bhlíadhuin déug: do bhí sé na rígh a Ttirsah sé blíadhna.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:23
6 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Báiseá é sin, scoir sé de bheith ag daingniú Rámá agus d'fhill ar Thirzeá.


Fuair an páirtí a lean Omraí an lámh in uachtar ar an bpáirtí a lean Tibní. Fuair Tibní bás, agus rinneadh rí de Omraí.


Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche.


Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain.


Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean.


Bhí Achaizíá dhá bhliain agus [fiche] d'aois nuair a tháinig sé chun corónach agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá iníon Omraí ab ainm dá mháthair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí