Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do chomhchoguir a sherbhíseach féin Simri, (caiptín leithe a charbad) na aghaidh, an feadh do bhí ag ól a Ttirsah, nó gur chuir é fein ar meisge a ttigh Asa stiobhard a thighe a Ttirsah.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:9
28 Tagairtí Cros  

“A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann...


Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór.


Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathrú


bhí lé aige le Iósaef agus rinne seisean fónamh dó; agus chuir a mháistir i bhfeighil a theaghlaigh é agus chuir sé gach ní aige faoina chúram.


Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”


Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir.


tháinig Zimrí isteach, leag ar lár é, agus mharaigh é sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, agus ghabh an choróin ina áit.


Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain.


chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna.


Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: “Chun bhur láithreacha libh!” agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach.


Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.


An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?


Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.


Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.


Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).


Rinne Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí comhcheilg in aghaidh Iórám. (Bhí Iórám agus Iosrael go léir um an dtaca sin ag cosaint Rámot Gileád in aghaidh Hazáéil rí Arám;


Ní dual do ríthe, a Lamúéil, ní dual do ríthe fíon a ól, ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.


“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”


Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.


Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí