Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 tháinig Zimrí isteach, leag ar lár é, agus mharaigh é sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, agus ghabh an choróin ina áit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do chuáidh Simrí a steach agus do bhuail é, agus do mharbh é, annsa seachdmhadh blíadhain fhithchiod do Asa rígh Iudah, agus do ríoghaidh féin iona áit.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:10
6 Tagairtí Cros  

Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir.


Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo.


Sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Zimrí i gcoróin ar Iosrael i dTirzeá, ar feadh seacht lá. Bhí an pobal i longfort os comhair Ghibeatón, cathair leis na Filistínigh.


Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,


Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.


Ag teacht an geata isteach do Iéahú dúirt sí: “An síocháin do ghnó, a Zimrí, a fhir mharaithe do mháistir?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí