Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 21:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Do bhí Amon dhá bhlíadhuin agus fithche daóis an tan do thosuigh sé a ríghe, agus do ríoghaidh dhá bhlíadhuin ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Mesulemet, inghean Harus ó Iotbah.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 21:19
9 Tagairtí Cros  

Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael.


Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain.


Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.


Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim.


Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air.


Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan.


Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d'aois nó breis, a d'áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d'ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.


ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí