Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”
1 Ríthe 1:40 - An Bíobla Naofa 1981 Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tháinic an pobal uile a níos na dhiáigh, agus do bhí an pobal ag píobaireachd lé píobuibh, agus do rinneadar solás maille re gáirdeachus mór, iondus gur scoilt an talamh lé na bhfuáim. |
Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”
Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair?
agus rinne Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ag Gíohón; agus ghabhadar suas ón áit sin le gártha áthais agus tá an chathair anois ina cíor thuathail; sin í an gheoin a chuala sibh.
Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”
Bhí lúcháir mhór ar mhuintir na tuaithe go léir. D'fhan an chathair ciúin, agus chuir siad Atailiá chun báis i bpálás an rí.
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,
Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.
Nuair a tháinig áirc chonradh an Tiarna isteach sa champa, lig Iosrael go léir gáir mhór astu, a bhain macalla as an talamh.