Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 11:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do chúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar rígh do Shaul ann sin a lathair an TIGHEARNA a Ngilgal; agus annsin do iodhbradar iódhbartha ofrála síothchána a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeachus mór.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 11:15
12 Tagairtí Cros  

Agus mheall sé chuige croí fhir Iúdá go léir, agus iad ar aon aigne; chuireadar teachtaireacht go dtí an rí á rá: “Fill ar ais, thú féin agus do shearbhóntaí go léir.”


Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.


Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin.


Ghlaoigh Samúéil ar an bpobal go léir le chéile chun an Tiarna i Mizpeá,


Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”


Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”


Dúirt Samúéil le hIosrael go léir: “Féach! rinne mé gach ar iarr sibh orm go dílis agus cheap mé rí oraibh.


Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”


Ach dhiúltaigh an pobal aon aird a thabhairt ar a raibh á rá ag Samúéil, agus dúirt siad: “Ní hea! Teastaíonn uainn rí a bheith orainn,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí