Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 11:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Bhí lúcháir mhór ar mhuintir na tuaithe go léir. D'fhan an chathair ciúin, agus chuir siad Atailiá chun báis i bpálás an rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus bá lúathgháireach dáoine na tíre uile, agus do bhí an chathair súaimhneach: agus do mharbhadar Ataliah leis an gcloidheamh láimh ré tigh an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 11:20
5 Tagairtí Cros  

Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.


Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”


Bhí lúcháir ar mhuintir na tuaithe, ach d'fhan an chathair ciúin. Bhí Atailiá curtha chun báis le faobhar claímh.


Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.


Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí