Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.
1 Ríthe 1:36 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagair Benáiah mac Iehoiada an rígh, agus a dubhairt, Amen: go nabra TIGHEARNA Día mo thighearna an rígh sin. |
Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.
Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”
Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”
Deonaigh mar sin teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfeadh sé go deo i do láthair. Óir gach ar a gcuireann tú do bheannacht, bíonn beannacht air go deo.”
Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa “Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d'ardaigh mé fear tofa den phobal.
le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”
“Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.
ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”
Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine “Amen” le d'altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá?
Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.