Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 11:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Chor go ccoimhlíonfa mé na mionna thug mé dá bhur naithribh, fearann do thabhairt dóibh ag líonadh le mil agus lé bainne, mar atá sé a niugh. Annsin do fhreagair misi, agus a dúbhairt mé, Bíodh marsin, a THIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 11:5
16 Tagairtí Cros  

Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m'athair.


Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách, ar a ghealltanas go dtí míle glúin,


Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.


Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d'uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo - an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit.


“Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.


Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda.


Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine “Amen” le d'altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá?


Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí