Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”
1 Ríthe 1:12 - An Bíobla Naofa 1981 Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, léig dhamhsa comhairle do thabhairt dúit, lé ccoiseonuigh tu hanum féin, agus anum do mhic Solamh. |
Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”
Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’
Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”
Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.
Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid d'oifigh Iosrael chomh maith leo.
Nuair a fuair Atailiá, máthair Achaizíá, amach go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad de theaghlach Iúdá ar an toirt.
Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.
Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú, ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.
Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.
Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.
Dúirt Irimia le Zidicíá: “Má dhéanaim foilsiú duit nach gcuirfidh tú chun báis mé go cinnte? Agus má thugaim comhairle duit, ní éisteoidh tú liom.”
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siadsan ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.”
D'imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d'éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.