A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:
1 Eoin 4:8 - An Bíobla Naofa 1981 An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An té nach ngráíonn níl aithne aige ar Dhia; óir is grá é Dia. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An té nach ngrádhuigheann, ní fhuil aithne aige ar Dhia; óir is grádh é Dia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá. |
A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:
Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.
Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.
Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann.
An té a deir go n‑aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.
An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchacht i gcónaí.
Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.
Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.
Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.
A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.