Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ní bhíonn aon duine dá gcónaíonn ann ag déanamh peaca; an té a bhíos ag déanamh peaca ní fhaca sé é agus níor chuir sé aithne air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Gidh bé neach chómhnuigheas annsan, ní pheacuigheann sé: gidh bé neach do ní peacadh ní fhacuidh sé eision, agus ní raibh aithne aige air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:6
11 Tagairtí Cros  

Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.


An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.


Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.


Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.


An té a deir go n‑aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.


A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.


Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.


An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.


Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.


A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí